Dúirt urlabhraí buiséid Ghrúpa ESN:
“Is scannalach an chaoi a gcuireann an tAontas Eorpach airgead na gcáiníocóirí amú chun é féin a chur i lár an aonaigh. Cé go mbíonn siad i gcónaí ag rá le saoránaigh go gcaithfidh siad a gcuid criosanna a theannadh, tugann na daoine uaisle i mBruiséil agus i Straisborg an-sásamh dóibh féin le teampaill mhórghlórachta ar chostas na gcáiníocóirí. Léiríonn an chaoi ar fhreagair an tUachtarán Metsola mo cheist tar éis roinnt meabhrúchán di go bhfuil eagla uirthi roimh fhreagairt an phobail. Leanfaidh mé orm ag cinntiú go bhfaighidh saoránaigh amach faoi chur amú mór cánacha Pharlaimint na hEorpa ar mhaithe le bolscaireacht.’